Skip to content

Comhairliúchán ar Churaclam na Bunscoile oscailte

Comhairliúchán ar Churaclam na Bunscoile oscailte

Foghlaim Tuilleadh

Measúnú Rangbhunaithe

Is ionann na Measúnuithe Rangbhunaithe agus tráth a ndéanann an múinteoir measúnú ar an scoláire sa mheasúnú sonrach/sna measúnuithe sonracha a leagtar amach i sonraíocht an ábhair nó an ghearrchúrsa. Beidh Measúnú Rangbhunaithe amháin i ngearrchúrsaí na sraithe sóisearaí. Nuair is féidir, glacfaidh múinteoirí na ngearrchúrsaí páirt i gcruinnithe athbhreithnithe ar fhoghlaim agus ar mheasúnú. 

Measúnú Rangbhunaithe: Taibhiú

Ba chóir don taibhiú grúpa deiridh na scileanna ábhartha go léir a thabhairt le chéile le fianaise ar fheabhsú agus tiomantas. Tá measúnú ar an taibhiú bunaithe ar na gnéithe cáilíochta de réir mar a bhaineann siad le ról an scoláire sa taibhiú. Is féidir leis an measúnú tarlú i bhfíor-am nó i meascán d’fhíor-am agus breathnú ar an taibhiú taifeadta. Ligeann an taibhiú don scoláire na scileanna sin a chur in iúl trína dhisciplín roghnaithe agus ba chóir don mheasúnú smacht teicniúil, cruthaitheacht, léirmhíniú agus obair foirne a bhreithniú.

Cuireadh leis an ngearrthaisce é go rathúil.